Blas

Would you prefer to read the English version?

 

Agus é ina fhocal coitianta idir na teangacha Ceilteacha uilig, is oiriúnach an focal é Blas mar theideal chlub scannánaíochta de chuid City Arts, a seoladh i mí Feabhra na bliana seo. Curtha i láthair trí mheáin na Gaeilge agus an Bhéarla araon, is é aidhm Blas ná chun árdán - nó scáileán - a thabhairt do scannáin nach bhfeictear go minic sa phríomhchathair Éireannach, le béim faoi leith á cur ar scannáin sna teangacha Ceilteacha.

I mbliana, is féidir scannáin de chuid na hÉireann, na Breataine Bige, na hAlban, Ceanada agus Corn na Breataine a fheiceáil, agus blas de chultúr na dtíortha siúd a fháil mar gheall orthu. Cibé teanga a bheidh á labhairt, taispeántar fotheideal Bhéarla le gach scannán.

Chun tuilleadh eolais a fháil, seol r.phost chuig blas@cityarts.ie nó cuir glaoch ar (01) 902 2417. Tá Blas páirt-mhaoinithe ag Ciste Forbairt Phobal Bus Átha Cliath.

Aimsigh sinn ar Twitter: @BlasDublin, nó téigh chuig facebook.com/blasdublin

Faoin gCoimeádaí:


Is é Scott De Buitléir coimeádaí Blas. Bhain sé céim amach sa Ghaeilge agus sa Bhreatnais ó Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, roimh chéim Mháistreachta a bhaint amach i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge.

Is láithreoir raidió é leis an stáisiún digiteach RTÉ Pulse, agus scríobhann sé do Gaelscéal agus foilseacháin eile.