Siompóisiam Bhlagadóireacht na Gaeilge
14 October 2011, 06:00PM - 07:00PM
Tagann City Arts agus Féile IMRAM le chéile i mbliana le hiniúchadh a dhéanamh ar thodhchaí litríocht ár dteanga arlíne le Siompóisiam Bhlagadóireacht na Gaeilge.
Curtha i láthair ag craoltóir Scott De Buitléir, beidh ceathrar chainteoir ag an siompósiam;
- Alex Hijmans, iriseoir agus údar
- Aonghus Ó hAlmhain, blagadóir
- Alison Ní Dhorchaidhe, file agus blagadóir
- Mary Burns, riarthóir ghrúpa Facebook, "Gaeilge Amháin"
I measc na n-ábhar a bheidh á bplé ar an oíche, cuirfear an cheist; an í an bhlagadóireacht an chéad chéim eile ar bhóthar na litríochta Gaeilge? An bhfuil teacht Twitter agus na meán sóisialta ag cur deireadh leis an mblagadóireacht, nó á neartú? An bhfuil áit ann do bhlagadóireacht mhionteanga i spás ollmhór an idirlín?
Seans é seo do phobal na Gaeilge (agus an Bhéarla) breathnú go dáiríreach ar an gcéad ghlúin eile de litríocht mhionteanga sa Chéad Aois is Fichead, le réimse taithí na gcainteoirí. Ócáid shaor in aisce í seo agus tá fáilte roimh chách.
Venue
City Arts, 15 Siúlán Bhaitsiléir, BÁC 1




